Naomh Muire, Íochtar na Rosann

Founded 1980

Donegal

Club History

Tá Fo-Chumann Naomh Muire suite faoin tuath in Iarr-thuaisceart Thír Chonaill, i gceantar Íochtar na Rosann. Is ar pháirc peile na Méilte, ar bhruach loch Mhullach Dearg, a imrítear ár gcluichí inniu ach is i mbaile Rann na Feirste a thosaigh aistear an chlub seo. Bhí foireann peile ag Rann na Feirste ó thús agus bhí ag éirigh go maith leo. Chonaic na fira bhí ann san am go raibh gá le daoine as Mullach Dubh,​Cionn Caslach agus an Chéidigh a bheith páirteach san chlub fosta. Faoi stiúir cheann ródaithe cosúil le Tony Ó Dochartaigh leagadh amach fís club úr a chuir ar bun. Thosaigh an comhrá nuair a d’aithin daoine cosúil le Connie Ned Mac Giolla Easbuig, a bhí ag tiomáint bus ag an am, go raibh fir óga ag imirt do Ruagairí na Rosann agus agus gabháil na Crois Bhealaigh do rásaí lúthchleasaíochta. Tháinig macasamhail Tony, Connie, Séamus Mac Ruairí, Colm William Mac Giolla Easbuig, Paidí Eibhlín Ó Duibheannaigh, Patsy Anne Ó Domhnaill agus Peadar Phat Ó Domhnaill le chéile agus beartaíodh cumann peile úr a chuir ar bun, ainmnigh i ndiaidh an pharóiste inár raibh siad. Bunaíodh Naomh Muire, Íochtar na Rosann go gearr ina dhiaidh sin, sa bhliain 1980.

Is i roinn a 4 a d’imir foireann na bhfear a gcéad gcluichí. Thíos i ndeisceart na Contae, i mBaile an Trá, áit a bhfuil Fo-Chumann Naomh Bríd anois, a d’imir siad an chéad chluiche agus is Baile na Finne, atá istigh le Naomh Conaill anois, a thug cuairt ar na Méilte don chéad uair thar saoire na Cásca na bliana sin.

Bhí Na Méilte mar a bhí an t-am sin in úsáid go forleathan do chluichí gaelach, sacar chomh maith le lúthchleasaíocht. Bhí cluiche ann i bhfad sular bunaíodh Naomh Muire agus is talamh coitianta a bhí ann ag an am sin rud a chiall nach riabh úinéireacht ceart ar bith ar. Ceannaíodh an talamh ar a bhfuil an pháirc ina suí uirthi inniu sna hóchaidí agus is fíor le rá go bhfuil athrú mór tagtha ar an áit ó shoin. Tá áiseanna den chéad scoith ar na Méilte anois agus tá muid uilig go mór faoi chomaoin iad sin a tháinig romhainn agus a raibh an fhís acu an chéad lá riamh. 

Ní raibh rudaí furast ins na chéad blianta mar gheall ar imirce. Thiocfadh imreoirí óga aclaí chun tosaigh bliain amháin agus bheadh siad i bhfad i gcéin an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí an scéal seo le feiceáil go soiléir i bpictiúir d’fhoireann a d’imir i nGaoth Dobhair sa bhliain 1984, áit a raibh scór ar an phainéal. An bhliain ina dhiaidh sin, ní raibh fágtha ina seasamh ar an tsean fhód ach trí cloigne acu sin.

Nuair a thosaigh siad ní raibh acu ach foireann sinsearach mar go raibh an t-aos óg ag imirt le Ruagairí na Rosann san am. In 1982, shocraigh an fochumann a gcuid foirne faoi aois féin a chuir na páirce agus is cinnte gur chuidigh sé seo go mór linn fáil go dtí an áit a bhfuil muid inniu. I lár na hochaidí d’éirigh leis an fhoireann mionúr fáil fhad le cluiche ceannais sraithe na Contae in éadan Na Cealla Beaga. Cé gur chaill siad an chluiche sin le beagán, is éacht mhór a bhí ann don chlub agus iad i dtús a n-aistear. Thug seo uchtach do na h-imreoirí ach is gairid go raibh scamall na h-imirce ag scrios na haislingí a bhí acu. Chuaigh foireann na gCealla Beaga ar aghaidh le craobh na Contae a bhaint cúpla uair agus is cinnte go raibh tionchar mhór acu ar fhoireann Dhún na nGall a bhain amach corn Sam Mhic Uidhir sa bhliain 1992.

Cé go raibh deacrachtaí móra imirce ann sna blianta tosaithe sin, tháinig feabhas ar rud ó bhliain go bliain ar pháirc na himeartha go dtí go raibh an foireann sinsearach ag imirt i Roinn 1 sa bhliain 1988.

Ag tús an tréimhse forbartha seo bhí an chlub i ndiaidh titim ar ais síos go roinn 4 ach bhí toradh ag teacht ar an chinneadh struchtúr faoi aois a chur ar bun. In 1991, bhain an club Craobh Sóisearach na Contae chomh maith le sraith roinn 4. Tháinig níos mó coirn na Méilte sna blianta ina dhiaidh sin nuair a bhain muid sraith roinn 3 agus an craobh Idirmheánach in 1994. Faoin am seo bhí foireann tacaíochta ar bun sa chlub agus d’éirigh leo an craobh idirmheánach d’fhoirne tacaíochta a bhaint sa bhliain 1997. Bhí an club ag gabhail ó neart go neart agus imreoirí óga ag déanamh a mbealach isteach san fhoireann sinsearach an t-am ar fad.  D’éirigh le foireann faoi 21 an chraobh i roinn B a bhaint ins an bhliain 1998 rud a chuidigh linn brú ar aghaidh agus an bhliain céanna tugadh an craobh idirmheánach ar ais ar na Méilte arís.

Spreag na buanna seo uilig daoine óga an cheantar agus bheartaigh na daoine a bhí gníomhach fan chlub ag an am forbairt a dhéanamh ar na háiseanna a bhí ar fáil daoibhe. Cuireadh chun críocha plean aislingeach a bhí ag choiste na hama sin nuair a tógadh club theach úr agus rinneadh forbairt iomlán ar an pháirc imeartha. Bogadh na cluichí baile go páirc Charraig Fhinne ar fáidh tréimhse i lár an nóchaidí, fhad is a bhí páirc iomlán úr a fhorbairt ar na Méilte. D’obair coiste an chlub go crua ag an am sin agus fuair siad tacaíocht mór ón phobal le club theach úr a thógáil ag taobh na páirce. D’oscail Uachtaráin tofa an Chumainn Lúth Chleas Gaeil, an t-usual Seán Mac Tadhg, clubtheach agus páirc Naomh Muire go h-oifigiúil sa bhliain 1999. D’imir foireann na Contae in éadan Contae Uíbh Fháilí ar na Méilte an lá sin.

Faoi dheireadh na nóchaidí bhí Naomh Muire ag imirt i Roinn 1 arís agus tabhairt am chruaidh do mhacasamhail Aodh Ruadh sa chraobh sinsearach. Bhain Naomh Muire an Craobh Sóisearach agus Uile Éireann i gComórtas Peile na Gaeltachta sa bhliain 2007agus cé gur thit siad go Roinn 3 faoin am seo, d’éirigh leo craobh Sóisear na Contae a bhaint don dara huair an bhliain céanna. D’imir siad i gcluiche leath cheannais Uladh ins an chraobh sóisear an bhliain sin. Bhí na h-imreoirí óga ag teacht aníos leo san am seo agus d’éirigh leis an fhoireann faoi 21 an chraobh i rannóg B a bhaint amach i 2009. Bhris na h-imreoirí céanna sin isteach san fhoireann sinsearach agus sa bhliain 2011 bhí Craobh Sóisearach agus Uile Éireann i gComórtas Peile na Gaeltachta bainte amach acu ar na Crois Bhealaigh.

Níor stad stíl ceann ródaíochta sa chlub ag sin agus thug siad faoi soilse a chuir thart ar an pháirc. Arís, bhí obair mhór i gceist le seo agus is cinnte gur tharraing an pobal le chéile, idir urraíocht, airgead agus obair dheonach. 

Is bliain iontach a bhí anseo den chlub nuair a cuireadh na soilse ar go h-oifigiúil ar an 18ú Deireadh Fómhair 2013. Ar ais ar pháirc na h-imeartha, bhí an club i ndiaidh an craobh idirmheánach a bhaint don tríú huair. D’imir siad i gcluiche ceathrú ceannais Uladh in éadan Foreglen ó Contae Dhoire an bhliain sin agus ní raibh ann ach cúl idir na foirne ag deireadh an lae. Is cinnte gur chuidigh an fhorbairt mhór a bhí déanta ar an Méilte linn nuair a roghnaíodh an club le Comórtas na Contae de Pheile na Gaeltacht a óstach sa bhliain 2014

Bunaíodh Bord na nÓg agus Cumann Pheil na mBan sa tréimhse seo le cur leis an obair a bhí a dhéanamh sa chlub. Ní raibh ach foireann fásta na mban ann ó thús ach da réir a chéile cuireadh struchtúr in áit a mheall níos mó agus níos mó girseachaí óga na Méilte. Bhí an rud céanna fíor fán obair a rinneadh le Bord na nÓg agus is cinnte gur leag sé sin dúshraith maith don todhchaí don chlub. D’éirigh le foireann na mban Craobh Shóisear na Contae agus Craobh Idirmheánach na Gaeltachta a bhaint amach sa bhliain 2019 faoi stiúir Chaoimhín De Faoite agus Niall Mac Giolla Bhríde.

Faoin am seo bhí sé soiléir go raibh ballraíocht an chlub ag éirigh níos mó agus níos mó agus go raibh i bhfad níos mó foirne faoi aois ann anois. Is as seo a tháinig a gá le níos mó seomraí feistis agus arís ní raibh sé i bhfad go ndeachaigh an club ina bhun seo. Cuireadh seomraí feistis breise amach an cúl agus rinneadh píosa úr a chuir leis an club theach, rud a d’fhág seomra sláinte agus folláine thuas staighre do na h-imreoirí uilig. Idir solais ar an pháirc agus giom thuas staighre, bhí áiseanna den scoith curtha in áit ar na Méilte le cuir leis an mhéid a bhí déanta leis na seanundairí a tháinig romhainn.

I 2022, cuireadh sconsa úr thart ar chuid mhaith den pháirc agus i mbliana tá seastán úr tógtha ag taobh na locha. 

Is ábhar bróid é dár gclub go mbeidh Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta ar na Méilte i mbliana. Tháinig forbairt mhór ar na háiseanna atá ar fáil do na foirne uilig ar na Méilte le blianta anuas agus tá an club iontach buíoch d’achan duine a chuidigh linn thar na blianta. Ní tharlaíonn fás ag forbairt mar sin gan teacht le chéile na ndaoine agus go leor, leor obair dheonach agus is cinnte gur deireadh seachtainí mar seo seans ceiliúradh a dhéanamh ar an mheitheal oibre sin. 

Download ClubZap

Get live information for Club on the ClubZap App

App Store Google Play